• Cén fáth a bhfuil daoine meallta ag na seantraidisiúin págánta?
    Dec 26 2024
    Beidh daoine i gceantair ar fud fad na tíre amuigh ag ceiliúradh Lá an Dreoilín inniu. Is sean-traidisiún Ceilteach é Lá an Dreoilín a dhéantar ceiliúradh air go fóill, go háirithe i gCiarraí, in iarthar Luimnigh agus i mBaile Átha Cliath. Sa Daingean, áit ina maireann an traidisiún go láidir go fóill, beidh ceithre bhannaí ceoil ó na sráideanna éagsúla ag máirseáil tríd an bhaile mar chuid den fhéile. Labhraíonn an Dr Aoife Granville, ball den ghrúpa ar Shráid Eoin, le Tessa Fleming faoin tsean-nós seo agus na dúshláin atá le sárú sa lá atá inniu ann. Foclóir: Dreoilín: Wren - Sníomhann sé: It ties in with - Iorua: Norway - Sleamhain: Sly - Torthúlacht: Fertility - Ó shin i leith: From then on - Aitheantas: Recognition - Ádh: Luck - Tuí: Straw - Carthanachtaí: Charities - Teoranta: Restricted - Bagairt: Threat - Dream: Group - A mhealladh: To entice - Deasghnáth: Ritual - Ár sinsir: Our ancestors - Aireachas: Mindfulness.

    See omnystudio.com/listener for privacy information.

    Show More Show Less
    21 mins
  • An Ghaeilge agus an Nollaig in Dublin’s ‘tenement slums’
    Dec 19 2024
    Os cionn céad bliana ó shín, bhí ceathrú faoin gcéad de dhaonra Bhaile Átha Cliath ina gcónaí sna tionóntáin. Cumadh an leasainm Dirty Dublin de bharr na ‘slums’ seo ina raibh galar, míchothú agus easpa sláinteachais go forleathan iontu. Ach, i measc na bochtaineachta fairsinge sna tionóntáin ar fud na cathrach, bhí taobh eile den scéal ann freisin - pobal dlúth a mhair faoi scáth a chéile. Labhair Tessa Fleming le Pat Garry, treoraí in uimhir 14 Sráid Henrietta faoin saol ar leith a bhí ag daoine sna tionóntáin seo.

    See omnystudio.com/listener for privacy information.

    Show More Show Less
    20 mins
  • ‘Why Irish people should hate the Irish language’
    Dec 12 2024
    Tá na póilíní ó thuaidh ag fiosrú ‘eachtra fuatha’ tar éis do bhileoga frith-Ghaeilge a bheith faighte ar charranna lasmuigh de rang Ghaeilge i lár chathair Bhéal Feirste an tseachtain seo. Labhraíonn Tessa Fleming leis an iriseoir Ciaran Dunbar faoin scéal.

    See omnystudio.com/listener for privacy information.

    Show More Show Less
    12 mins
  • Sandra Collins: Cás aisteach na mná óige a d’imigh gan tasc gan tuairisc
    Dec 12 2024
    D’imigh Sandra Collins gan tasc gan tuairisc ó Chill Ala, Contae Mhaigh Eo, sa bhliain 2000. Níor thángadar ar a corp riamh. Bhí ocht mbliana is fiche ag Sandra nuair a d’imigh sí ar iarraidh agus bhí sí ag iompar clainne ag an am. In ainneoin go bhfuil sí ar iarraidh ar feadh tamall an-fhada anois, is ar éigean a fheictear a scéal sna meáin. Ar Seachtain, labhraíonn Tessa Fleming leis an iriseoir Fergus Mac Suibhne faoi scéal tragóideach Sandra Collins agus ar an teaghlach atá go fóill sa tóir ar freagraí. Foclóir: Dúchais: Native - Monarcha: Factory - Iarthuaisceart: North west - Doctúir teaghlaigh: GP - Ag iompar clainne: Pregnant - Ginmhilleadh: Abortion - Trína chéile: Upset - Smideadh: Make-up - Ar iarraidh: Missing - Cé: Quay - Suntasach: Significant - Fianaise: Evidence - Ciontaigh: Convict - Tionchar: Effect

    See omnystudio.com/listener for privacy information.

    Show More Show Less
    21 mins
  • Year of the French: The Irish model agus domhain suarach an Tíogar Ceilteach
    Dec 5 2024
    17 bliana ó shín, baineadh siar an an tír nuair a fuair an mainicín clúiteach Katy French bás. Léirigh a bás domhain suarach an Tíogair Cheiltigh, áit a raibh cocáin ar fáil go forleathan. Ar Seachtain, amharcann Róisín Ní Mhaoláin siar ar shaol an mhainicín clúitigh seo agus ar a bás scannalach. Foclóir: Mílaois: Millennium Mainicín: Model Rath: Success Geallta: Engaged Achrannach: Turbulent Slabhra: Necklace Leas a bhaint as: To capitalise on Shéan: Denied Ceap magaidh: a laughing-stock Spion maith: Good form An Uaimh: Navan Líomhaintí: Allegations Fianaise: Evidence Taom: Episode or attack Stad cairdiach: Cardiac Arrest Ciontach: Guilty Neamhspléach: Independent

    See omnystudio.com/listener for privacy information.

    Show More Show Less
    22 mins
  • Do rogha, do vóta, do thodhchaí: John Downing ar Feachtas ’24
    Nov 28 2024
    Beidh muintir na hÉireann ag vóta in Olltoghchán 2024 Dé hAoine. Tá feachtasaíochta amháin le dul agus tá na páirtithe móra ar chomhchéim lena chéile. Labhair an t-iriseoir John Downing le Ciarán Dunbar le spléachadh a thabhairt ar an bhfeachtas mar a bhí. Foclóir: Siamsaíocht: Entertainment Leamh agus leadránach: Dull and boring Pobalbhreitheanna: Opinion polls Stiúradh: To steer Tuar: To call Tosaíochtaí: Priorities Meánaicme: Middle class Faoiseamh: Relief Cró rothar: Bike shed Cosán: Path Sóisearach: Junior Idéalaíoch: Idealistic Dreas: A number of Tuillteanach: Deserving Leochaileach: Vulnerable Aigne: Mind Iomarcach: Excessive Toghcheantar: Constituency Dul sa phriacal: To take the chance

    See omnystudio.com/listener for privacy information.

    Show More Show Less
    18 mins
  • Sophie Toscan du Plantier, Fiona Pender: An bhliain is contúirtí do mhná in Éirinn
    Nov 25 2024
    Cailleadh 19 bhean i 1996 de bharr bhanmharú agus formhór acu, mharaigh fear a raibh aithne acu air iad. Ar Lá Idirnáisiúnta le Deireadh a chur le Foréigean in Éadan Mná, amharcann Róisín Ní Mhaoláin siar ar an bhliain is contúirtí do mhná na tíre seo le beagnach 30 bliana anuas agus insíonn sí scéalta na mban a cailleadh. Foclóir: Feasacht – Awareness Nós - Custom/habits Foréigean baile – Domestic violence Íospartaigh - Victims Sáinnithe - Trapped Aird – Attention Coirpeach – criminal Bagairtí - threats D’fhulaing -Suffered Fianaise – Evidence Chuaigh sí amú - She went missing Ag iompair clainne – Pregnant Fonn mhaith – Good humour Cúisíodh - Charged Chuir sé a lámh ina bháis fein – He died by suicide Coitianta – Common Aird – Attention Cúnamh - Help Faoi cheilt – conceal Reachtaíocht - Legislation

    See omnystudio.com/listener for privacy information.

    Show More Show Less
    19 mins
  • Cad iad na héileamh atá ag Gaeilgeoirí san olltoghchán?
    Nov 22 2024
    Tá seachtain le dul go dtí an olltoghchán agus tá iománaíocht ghéar ann idir na páirtithe ar fad. Ach do Ghaeilgeoirí, cad é atá uathu sa toghchán seo? Agus cad iad na geallúintí atá á ndéanamh ag na mórpháirtithe maidir leis an Ghaeilge? Labhair Tessa Fleming leis aniriseoir Ciarán Dunbar agus an le feidhmeannach cumarsáide le Conradh na Gaeilge, Kate Ní Dhúbhlaoich. Foclóir: Manifesto : Forógra Geallúintí : Promises Iomaíocht : Battle

    See omnystudio.com/listener for privacy information.

    Show More Show Less
    19 mins